Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

10 Iúil 2021 (An Clár)

4:58
 
Del
 
Manage episode 297154986 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Tharla sciorradh talún i gcathair Atami sa tSeapáin an Satharn seo caite. Dhearbhaigh na húdaráis go bhfuair ceathrar bás agus go bhfuil na scórtha eile fós ar iarraidh. Tá na saighdiúirí agus na hoibrithe éigeandála ag cuardach tríd an láib agus an smionagar. Scrios an sciorradh talún níos mó ná céad foirgneamh san áit mhór turasóireachta. Tharla an tubaiste tar éis laethanta fada báistí i rith séasúr na fearthainne. Bhí níos mó báistí in Atami le linn dhá lá ná mar a bheadh de ghnáth le linn míosa. Cuireann eolaithe an locht ar an athrú aeráide mar bíonn níos mó uisce in atmaisféar atá níos teo.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnston, go gcuirfear ar ceal na srianta in aghaidh Covid-19 i Sasana ar an naoú lá déag de mhí Iúil. Ní bheidh sé éigeantach masc a chaitheamh laistigh agus ní bheidh ar dhaoine atá vacsaínithe féinleithleisiú a dhéanamh tar éis dóibh a bheith i dteagmháil le daoine a bhfuil an víreas orthu. Chomh maith leis sin, beidh áiteanna ar nós clubanna oíche in ann oscailt mar ba ghnách roimh an bpaindéim. Ina ainneoin sin, tá an líon cásanna ag méadú mar gheall ar an athraitheach Delta den víreas agus níl gach eolaí sásta leis an gcinneadh. De réir an t-eipidéimeolaí, an Doctúir Mike Ryan ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá rialtais ar fud an domhain ag cur deireadh le srianta go róluath ó tharla nach bhfuil dóthain daoine vacsaínithe fós.

Shiúil beirt déagóirí ón gCúlóg i mBaile Átha Cliath go Contae an Chláir chun airgead a bhailiú do scoil do leanaí le riachtanais speisialta. Thosaigh siad ag siúl ar an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh agus shroich siad a gceann scríbe, Aillte an Mhothair, sé lá ina dhiaidh sin. Shiúil siad ar feadh deich n-uaire an chloig gach lá agus d’fhan siad i dtithe ósta ar an mbealach. Bhailigh an beirt níos mó ná seachtó míle euro go dtí seo do scoil Abacas i gCill Bharróg i mBaile Átha Cliath. Tá col ceathracha leis an mbeirt ag freastal ar an scoil. Dúirt Príomhoide na scoile, Laura Kelly, go bhfuil sí an-bhuíoch díobh agus go mbainfidh na daltaí an-tairbhe as an airgead atá bailithe.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

sciorradh talún - landslide

láib - mud

smionagar - rubble

féinleithleisiú - self-isolation

eipidéimeolaí - epidemiologist

riachtanais speisialta - special needs

ceann scríbe - destination

  continue reading

230 episoder

Artwork

10 Iúil 2021 (An Clár)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett