Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

14 Lúnasa 2021 (Gaillimh)

4:50
 
Del
 
Manage episode 299887565 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 14 Lúnasa. Is mise Ella Hassett.

Tá bonn óir Oilimpeach buaite ag Kellie Harrington na hÉireann i gcró na dornálaíochta sna cluichí Oilimpeacha. Fuair Harrington an ceann is fearr ar Beatriz Ferreira as an mBrasaíl sa gcomhrac ceannais 60kg i dTóiceó Dé Domhnaigh. Tá Harrington ar an tríú dornálaí as Éirinn a chroch bonn óir abhaile ó na Cluichí Oilimpeacha, chomh maith le Katie Taylor i 2012 agus Michael Carruth i 1992. Is as Baile Átha Cliath í Harrington agus oibríonn sí mar ghlantóir go páirt-aimseartha in Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann. Bhuaigh Foireann na hÉireann ceithre bhonn ag na Cluichí. Tá bonn cré-umha ag an dornálaí eile Aidan Walsh, bonn óir ag na rámhaithe Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan agus ceithre bhonn cré-umha ag foireann rámhaíochta na mban.

Beidh an cainéal teilifíse TVG nó Television de Galicia sa Spáinn ag craoladh cluiche leathcheannais na hÉireann, toisc go bhfuil suim an phobail sna cluichí Gaelacha ag méadú sa cheantar. Déanfaidh RTÉ na craoltaí a chur le chéile in Éirinn mar is gnách, ach le tráchtaireacht Ghailísise, an chéad uair a chraolfar na cluichí i dteanga eile seachas Béarla agus Gaeilge. Tá deich gclub peile Gaelaí sa Ghailís faoi láthair agus iad ag dul ó neart go neart. Beidh Maigh Eo ag dul i ngleic le Baile Átha Cliath sa chéad chluiche leathcheannais Dé Sathairn, ach cuireadh an cluiche eile, idir Ciarraí agus Tír Eoghain, siar seachtain de bharr ráig Covid-19 i bhfoireann Thír Eoghain, agus tá seans ann go mbeidh ar sheaimpíní Chraobh Uladh éirí as an gcomórtas go hiomlán.

Fógraíodh go mbeidh sraith ceolchoirmeacha ar siúl i nGaillimh níos deireanaí an mhí seo, an chéad mhór-ócáid siamsaíochta in iarthar na tíre ó chuir paindéim Covid-19 deireadh le hócáidí poiblí. Beidh Christy Moore, Mary Coughlan agus The Stunning ag casadh ag sraith ceolchoirmeacha i Staid an Phiarsaigh, chomh maith le dreasa grinn ó na fuirseoirí Ardal O’Hanlon agus Deirdre O’Kane. Beidh cead ag slua suas le cúig chéad duine freastal ar na hócáidí sa staid go sábháilte agus dhá chéad duine in ionaid eile sa chathair. D’eagraigh an Róisín Dubh agus Féile Ghrinn na Gaillimhe an tsraith agus beidh na hócáidí ar siúl idir Déardaoin, an 26 Lúnasa, agus Dé Domhnaigh, an 29 Lúnasa.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

cró na dornálaíochta - the boxing ring

comhrac - fight

tráchtaireacht - commentary

ráig - outbreak

dreasa grinn - comedy turns

fuirseoir - comedian

  continue reading

230 episoder

Artwork

14 Lúnasa 2021 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Todos os episódios

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett