Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

19 Meitheamh 2021 (Tiobraid Árann)

4:09
 
Del
 
Manage episode 295365043 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

D’éirigh Edwin Poots as mar cheannaire an DUP ar an Aoine tar éis trí seachtaine sa phost. Ar an lá céanna vótáil tromlach mór de bhaill an DUP in aghaidh cinneadh Poots leanúint ar aghaidh le hathdhéanamh Feidhmeannas Stormont agus ainmniú Paul Givan mar Chéad-Aire Tuaisceart Éireann. Aontaíodh oíche Déardaoin go dtabharfaidh Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir agus teanga isteach i Westminster i mí Dheireadh Fómhair mura ndéanfar i Stormont é roimhe sin. Chuir baill shinsearacha den DUP a míshástacht leis an margadh in iúl do Poots agus bhí fearg orthu gur lean sé leis. Bhí cruinniú ag an bpáirtí i mBéal Feirste oíche Dé hAoine chun an easaontú a phlé agus nuair a d’fhág Poots an cruinniú, d’fhógair sé a eirí as. Fanfaidh Poots sa phost go dtí go dtoghfar a chomharba.

Ón Aoine, beidh gach duine i Sasana os cionn ocht mbliana déag d’aois in ann a gcéad dáileog de vacsaín i gcoinne Covid-19 a fháil. Tharla leathnú aoise don vacsaín tar éis nuacht go bhfuil an chéad dáileog ag ceathrar as cúigear daoine fásta sa Ríocht Aontaithe, sé mhí ó tugadh an chéad vacsaín neamh-trialach. Ní ba luaithe sa tseachtain d’fhógair Boris Johnson go gcuirfear siar oscailt na tíre ón 21ú de mhí an Mheithimh go dtí an 19ú de mhí Iúil. Tá an NHS ag iarraidh an vacsaín a ofráil do gach duine fásta roimh an dáta nua. In Éirinn beidh an vacsaín ar fáil do dhaoine idir 35 agus 39 bliana d’aois ón Domhnach.

Fuair Kenneth Kaunda, uachtarán bunaidh na Saimbia, bás ar an Aoine ag aois nócha a seacht. Tá cáil ag Kaunda mar laoch frith-choilíneach agus gníomhaí VEID/SEIF san Aifric. Bhí cáil ar Kaunda as a chumas leithleach cainte agus as a mhodh síochánta sa troid ar son neamhspleachas na Saimbia ón Ríocht Aontaithe. Nuair a bhuaigh sé neamhspleachas don tír i 1964, rialaigh sé mar uachtarán ar feadh seacht mbliana is fiche. Bhí conspóid ag baint leis níos déanaí sa rialtas nuair a chuir sé toirmeasc ar an bhfreasúra, agus thit sé as cumhacht. Tar éis a ghníomhréime polaitiúla, ghníomhaigh Kaunda in aghaidh VEID/SEIF trasna na hAifrice, i ndiaidh bhás a mhic ón ngalar. Fiú ina sheanaois lean sé ag caint amach in aghaidh éagóra agus cos ar bolg agus in ainneoin na conspóide ag baint leis, le haghaidh sin a chuimhneofar é. Beidh tréimhse bróin trí seachtaine ar a shon sa tSaimbia.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

tromlach - majority

feidhmeannas - executive

leathnú - widening

neamh-trialach - non-trial

frith-choilíneach - anti-colonial

cos or bolg - oppression

  continue reading

231 episoder

Artwork

19 Meitheamh 2021 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett