Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

2 Deireadh Fómhair 2021 (Tír Eoghain)

4:16
 
Del
 
Manage episode 303691088 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an dara lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.

Táthar ag súil go dtiocfadh le druga trialach nua ráta cur in ospidéal nó fiú ráta báis mar gheall ar Covid-19 a laghdú faoina leath. Tugadh an táibléad d'othair a raibh an víreas orthu dhá uair sa lá agus bhí na torthaí chomh dearfach gur stop siad an triail go luath. Anois tá an comhlacht cogaisíochta ag iarraidh cead an druga a úsáid i gcás éigeandála. Seans go mbeidh an cógas nua seo éifeachtach in aghaidh cineálacha nua den víreas, agus deir an tOllamh Peter Horby ó Ollscoil Oxford go mbeadh dul chun cinn ollmhór i ndruga frithvíreasach béil atá sábháilte, inacmhainne agus éifeachtach.

Theip ar shuíomh gréasáin Thuaisceart Éireann Díreach Dé Luain mar go ndearna an oiread sin daoine iarracht clárú don dearbhán £100 atá ar fáil do gach duine os cionn 18 sna Sé Chontae. Is é aidhm na scéime daoine a spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh agus airgead a chaitheamh ina gceantar féin, ach caithfidh siad an dearbhán a úsáid roimh dheireadh mhí na Samhna. Meastar go bhfuil thart faoi 1.4 duine incháilithe don dearbhán, agus sa tslí sin, go gcuideofar leis an gheilleagar go mór.

Tá craobh Chonradh na Gaeilge i Londain ag ceiliúradh 125 bliain ar an fhód i bpríomhchathair Shasana le sraith imeachtaí an fómhar seo. Beidh léiriú scannán de chuid Cartoon Saloon ar siúl, agus léachtaí le taighdeoirí a bhfuil obair déanta acu ar stádas na Gaeilge sa lá atá inniu ann, ach is é an comórtas ealaíne an t-imeacht is mó. Tá an comórtas oscailte do chách, agus iarrtar ar ealaíontóirí píosa a chruthú atá bunaithe ar sheanfhocal Gaelach, agus é a sheoladh chuig londain@cnag.ie. Roghnóidh ealaíontóir mór le rá Ciaraíoch na buaiteoirí, agus beidh £300 ann mar chéad-duais. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta na craoibhe.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

druga trialach - trial drug

comhlacht cogaisíochta - pharmaceutical company

dearbhán - voucher

an geilleagar - the economy

taighdeoirí - researchers

seanfhocal Gaelach - traditional Irish proverb

  continue reading

230 episoder

Artwork

2 Deireadh Fómhair 2021 (Tír Eoghain)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett