Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann)

4:43
 
Del
 
Manage episode 285470545 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an fichiú lá de mhí Feabhra. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.
Beidh rogha ag daltaí na hardteiste i mbliana idir grád measta nó scrúdú traidisiúnta a dhéanamh le haghaidh gach ábhair. Is féidir leis na daltaí grád measta a roghnú, na scrúduithe a dhéanamh le haghaidh gach ábhair nó meascán idir na hábhair a roghnú. Gheobhaidh gach dálta a ngráid i ngrúpa amháin ag an am céanna le foilsiú thorthaí na scrúduithe. Do na daltaí a dhéanann cinneadh na scrúdaithe a dhéanamh, beidh siad ar siúl ag an ngnátham i Mí an Mheithimh, bunaithe ar chomhairle sláinte phoiblí. Beidh na scrúduithe béil ar siúl i rith na Cásca. Cuireadh an Teastas Sóisearach ar ceal san iomlán. Leis sin, d’fhógair an Tánaiste Leo Varadkar Dé hAoine go dtosóidh athoscailt chéimnithe do bhunscoileanna agus scoileanna dara-leibhéal i mí an Mhárta.
Beidh achomharc i gcás chlann Margaret Keane ar siúl Dé Céadaoin an ceathrú lá is fiche de mhí Feabhra. Bhásaigh Margaret Keane i gCoventry i dhá mhíle is a hocht déag ach níos mó ná dhá bhliain tar éis a báis, tá a clann fós sa chúirt ag troid in aghaidh cinneadh a dhiúltaigh dóibh an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ a chur i nGaeilge amháIn ar a leac chuimhneacháin. Tharla an rialú sa chúirt eaglasta Shasana ina dúirt an breitheamh Stephen Eyre go raibh baol ann, gan aistriúcháin i mBéarla, go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge mar ráiteas polaitiúil de shaghas éigin. Níl fadhb ag an sagart áitiúil i gCoventry nó ag an Eaglais Shasana go ginearáta leis an ráiteas ar an leac chuimhneacháin, ar ndóigh, tá ráiteas i dteangacha éagsúla le feiceáil i reiligí timpeall na Sasana. Beidh baill ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag déanamh idirghabháil ar son an teaghlaigh ag an achomharc agus tá tacaíocht na craoibhe acu.
Bhí tuirlingt rathúil ag an gcarr gealaí Mars nua, darb ainm ‘Perseverance’ oíche Déardaoin. Bhí imní ar na hinnealtóirí ag Nasa faoin tuirlingt toisc gur rud an-deacair é tuirlingt rathúil a dhéanamh ar Mars, le beagnach leath d’iarrachtaí roimhe seo a theip orthú. Thaistil an róbat ceithre chéad is seachtó milliún ciliméadar idir an Domhan agus Mars thar seacht mí. Anois, caithfidh sé dhá bhliain ag cuardú an pláinéid le haghaidh fianaise de bheatha atá caite. Thuirling an carr gealaí Perseverance i gcráitéar darb ainm Jezero, ceaptar gurb suíomh de loch é na billiúin bliain ó shin. Creideann eolaithe, áit a bhí uisce ann, seans go raibh beatha ann freisin. Tógfaidh an carr gealaí grianghraif den tír-raon, úsáidfidh sé druilire beag le samplaí carraige a bháilíú agus i gceann cúpla lá, tá súil ag Nasa héileacáptair bheaga a láinseáil uaidh. Má tá an turgnamh rathúil, an chéad eitilt chumhachta lasmuigh den Domhan a bheidh i gceist.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

grád measta - predicted grade

athoscailt chéimnithe - stepped reopening

achomharc - appeal

lead chuimhneacháin - headstone

idirghabháil - intervention

tuirlingt rathúil - successful landing

carr gealaí - rover

cráitéar - crater

  continue reading

230 episoder

Artwork

20 Feabhra 2021 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett