Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

21 Samhain 2020 (Gaillimh)

4:39
 
Del
 
Manage episode 278260739 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Tá an peileadóir Marcus Rashford tar éis togra nua spéisialta a eagrú do pháistí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste. Sheol sé club leabhar nua do pháistí idir aon déag agus sé bliana déag d’aois i gcomhar le Macmillian Children’s Books sa Ríocht Aontaithe Dé Máirt. Don chéad leabhar, foilseofar leabhar nua leis an údar Carl Anka dar teideal You Are A Champion. Pléifear tábhacht an oideachais, cúrsaí cultúrtha, eiseamláirí baineanna agus an dearfacht. Is peileadóir é Rashford don chlub Manchester United ó 2015 agus fuair sé MBE i mbliana in ómós a chuid oibre ar son daoine atá faoi mhíbhuntáiste.

“Is iontach an lá é seo don eolaíocht agus don duine” sin a dúirt an Doctúir Albert Bourla, cathaoirleach Pfizer, maidir le vacsaín Covid-19 atá á triail acusan faoi láthair i gcomhar le BioNTech. Deir Pfizer go bhfuil éifeacht 90% leis an vacsaín atá táirgthe acu féin agus nach raibh aon imní faoina sábháilteacht. Mar gheall ar na torthaí sin, tá socrú déanta ag an Aontas Eorpach le Pfizer le 300 milliún dáileog dá vacsaín a cheannach in am trátha. Deir Pfizer go mbeidh dóthain den vacsaín déanta acu faoi dheireadh 2020 le cosaint a thabhairt do idir 15 agus 20 milliún duine. Fuair thart ar milliún duine ar fud na cruinne bás den Chovid-19.

Thug Zú Bhaile Átha Cliath foláireamh Dé Céadaoin go bhfuil seans ann go gcaithfí an áit a dhúnadh go buan mar gheall ar an ghéarchéim sláinte Covid-19. Bíonn an Zú dúnta faoi láthair ach caithfear aire agus beatha a thabhairt do na hainmhithe i gcónaí. Cosnaíonn sin thart ar cúig chéad míle euro gach mhí. Is eagraíocht sheachbhrabúsach í Zú Bhaile Átha Cliath nach bhfaigheann maoiniú ón Rialtas. D’eagraigh an Zú leathanach Just Giving chun síntiúis dheonacha a fháil ón bpobal. Bunaíodh an Zú i 1831 i bPáirc an Fhionnuisce agus faoi láthair cuirtear fáilte roimh milliún cuairteoirí gach bliain.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

faoi mhíbhuntáiste - disadvantaged

i gcomhar le - in association with

eiseamláirí baineanna - female role models

an dearfacht - positivity

torthaí - results, fruit

dáileog - dose

foláireamh - warning

eagraíocht sheachbhrabúsach - non-profit organisation

maoiniú - funding

  continue reading

227 episoder

Artwork

21 Samhain 2020 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett