Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

24 Iúil 2021 (Baile Átha Cliath)

4:28
 
Del
 
Manage episode 298213337 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Tá rialtais údarásacha ag baint úsáid as teicneolaíocht a chruthaigh an comhlacht Iosraelach, Grúpa NSO, chun spiaireacht ar ghníomhaí ar son cearta an duine, iriseoirí, dlíodóirí agus polaiteoirí ar fud an domhain, de réir imscrúdú de chuid na meán an tseachtain seo. Dúirt an Grúpa NSO go n-úsáidtear an bogearra haiceála, ‘Pegasus’ chun súil a choinneáil ar choirpigh aitheanta agus sceimhlitheoirí. Íoslódáilte go rúnda ar fhón an íospartaigh, ceadaíonn na bogearraí rochtain iomlán ar ríomhphoist, teachtaireachtaí agus fuaim an duine. Dúirt Agnès Callamard ó Amnesty International go dtaispeánann an nochtadh seo an fíorghá le hathrú laistigh den tionscal faireachais.

Don dara bliain as a chéile, rinne Moslamaigh na hÉireann ceiliúradh ar fhéile Eid ag ocáid scartha sóisialta i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath ar an gCéadaoin. D’fhreastail breis agus 300 duine chun guí ag an staid, in uimhreacha nach gceadófaí ag mosc faoi rialacha Covid. Dúirt Shaykh Umar Al-Qadri, eagraí na hócáide agus cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Comhtháthaithe Moslamach na hÉireann, go raibh an pobal Moslamach ar fad buíoch go síoraí as ucht an deis a bheith acu páirc CLG a úsáid don tseirbhís lasmuigh. I láthair freisin, bhí ionadaithe ó roinnt reiligiún eile, san áireamh, an tArdeaspag Caitliceach Dermot Farrell, an tUrramach Michael Jackson as Eaglais na hÉireann agus an Rabbi Zalman ón bPobal Giúdach.

Tá Bille curtha chun cinn ag Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe chun deireadh a chur le mí-úsáid chaomhnóireachta ar dhaoine leochaileacha. Ligfeadh an tAcht seo do dhuine atá faoi chaomhnóireacht a gcaomhnóir a athrú gan mí-úsáid a chruthú. Tagann an fhorbairt seo agus an feachtas “Free Britney” fós ag tarraingt aird agus tacaíochta idirnáisiúnta ar na meáin shóisialta. Rinne an t-amhránaí Britney Spears achomharc chun deireadh a chur leis an gcaomhantais a choinnigh a saol pearsanta, a hairgeadas, agus a gairm faoi smacht a hathar ó 2008.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

spiaireacht - spying

coirpigh aitheanta agus sceimhlitheoirí - recognised criminals and terrorists

Comhairle Síochána agus Comhtháthaithe Moslamach na hÉireann - Irish Muslim Peace and Integration Council

ionadaithe - representatives

caomhnóireacht - conservatorship

mí-úsáid a chruthú - to prove abuse

  continue reading

230 episoder

Artwork

24 Iúil 2021 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett