Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

26 Nollaig 2020 (Maigh Eo)

5:23
 
Del
 
Manage episode 280973492 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu Lá Fhéile Stiofáin. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Breis agus ceithre bliana tar éis reifreann an Bhreatimeachta, agus na blianta ag idirbheartú, tá comhaontú trádála bainte amach ag an Aontas Eorpach leis an Ríocht Aontaithe. D’fhoilsíodh an téacs inniu ar maidin. Tá an tAontas Eorpach sásta go bhfuil cosaint oiriúnach ann don Chomhmhargadh, agus tá rialtas na Riochta Aontaithe á mholadh, a deireann siad mar gheall ar an bhflaithiúnas a thugann sé dóibh thar a ndlí agus a bhfarraige. Is annamh an comhaontú trádála é áfach, mar méadaíonn sé go mór na deacrachtaí agus na maorlathais trádála idir an dá taobh.

Tá Londain agus oir-dheisceart Shasana faoi dhianghlasú tréan arís, toisc gur aimsiú sóchán nua de COVID-19 anseo atá níos tógálaí, agus a cheaptar a bhfuil i mbun ar an méadú mór ar líon na n-ionfhabhtaithe sa cheantar a tharla le déanaí. Tá baol mór ann go bhfuil an sóchán nua amuigh agus scaipthe ar fud an domhain cheana, agus go n-éireoidh sé ina phríomh-athraitheach ceannasach i ngach áit sul i bhfad; acht níl aon fhiannaise ann go fóill go bhfuil galar an tsócháin nua níos dáinséaraí. D’aimsíodh in Éireann é inné.

Acht i laethanta dorcha an mheán-gheimhridh i ndoimhneachtaí na paindéime, tá seans maith ann go bhfuil fáinne geal an lae ag teacht. Tá an chéad bhaisc de deich míle vacsaín i gcoinne COVID ag teacht in Éireann inniu, trí cheann de na hiarrachtaí agus na saothair na heolaíochta is mó riamh. Tagann dóchas na saoirse agus na sláinte leo, dóchas ar ghnáth-theagmháil le clann agus cairde arís, agus súil ar bhliain úr saor ó réim an ghalair mallaithe seo.

*

Dia daoibh. Is mise Niall, eagarthóir Nuacht Mhall. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a d'éist le Nuacht Mhall i mbliana agus tá súil againn go mbeidh Athbhliain suaimhneach agaibh go léir.

Beannachtaí na Nollag ort!

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit!

Nollaig shona!

Nollaig shona!

Beannachtaí na féile ort!

Beannachtaí na Nollag ort!

Nollaig shona!

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

idirbheartú - negotiating

flaithiúnas - sovereignty

maorlathas - bureacracy

sóchán - mutation

níos tógálaí - more infectious

athraitheach - variant

an meán-gheimhreadh - midwinter

fáinne geal an lae - bright ring of day, i.e. dawn

baisc - batch

  continue reading

230 episoder

Artwork

26 Nollaig 2020 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett