Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

29 Bealtaine 2021 (An Clár)

5:23
 
Del
 
Manage episode 293645790 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an 29ú lá de mhí Bealtaine. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

D’ordaigh Uachtarán na Bealarúise Alexander Lukashenko do eitilt de chuid Ryanair tuirlingt i Mionsc Dé Domhnaigh. Bhí an t-eitleán ar a shlí ón nGréig go dtí an Liotuáin nuair a fuair an píolóta an t-ordú. Bhí an gníomhaí de chuid an fhreasúra Roman Protasevich ar an eitilt agus tá sé féin agus a chéile á gcoimeád ag na húdaráis sa Bhealarúis anois. Mhaígh Protasevich i bhfíseán gur eagraigh sé agóidí anuraidh ach tá amhras ann gur faoi bhrú a d'admhaigh sé é. Tá cáineadh géar déanta ar Lukashenko agus chuir an tAontas Eorpach smachtbhannaí breise ar Rialtas na Bealarúise. Chomh maith leis sin, chuir an tAontas cosc ar eitleáin aerlíne na Bealarúise, Belavia, tuirlingt in aon aerfort san Aontas Eorpach. Dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, ‘nach bhféadfaí glacadh leis’ iompar Lukashenko agus d’éiligh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, Protasevich a scaoileadh saor.

Rinne Dominic Cummings cáineadh feanntach ar Boris Johnson agus a rialtas maidir leis an tslí a ndeachaigh siad i ngleic leis an bpaindéim ag seisiún le feisirí parlaiminte in Westminster Dé Céadaoin. Dúirt sé go raibh teipeanna ag gach leibhéal den rialtas, é féin san áireamh. Chaill sé a phost mar chomhairleoir do Boris Johnson i mí na Samhna nuair a thit siad amach lena chéile. Cháin Cummings an tAire Sláinte Matt Hancock go háirithe, agus dúirt sé gur chóir dó a bheith éirithe as a phost níos mó ná cúig huaire déag. Mhaígh sé gurbh í an ‘imdhíonacht tréada’ an polasaí oifigiúil a bhí ag an rialtas i dtús na bliana seo caite. De réir Cummings, fuair na mílte duine bás gan ghá mar thoradh. Dhiúltaigh Johnson agus Hancock cáineadh Cummings scun scan.

Tháinig an Eoraifís ar ais an Satharn seo caite tar éis sosa anuraidh mar gheall ar an bpaindéim. D’óstáil an Ísiltír an t-imeacht agus bhuaigh Måneskin ón Iodáil lena racamhrán ‘Zitti e buoni’. Fuair said níos mó ná cúig chéad pointe, sé phointe as Éirinn san áireamh. Ghlac Lesley Roy páirt ar son na hÉireann lena hamhrán ‘Maps’. Ar an drochuair ní bhfuair sí a dóthain pointí sa bhabhta leathcheannais. Ní raibh an t-ádh leis an Ríocht Aontaithe ach an oiread mar ní bhfuair James Newman aon phointe lena amhrán ‘Embers’. Mar fhocal dearfach, triail a bhí ann chun imeacht mór a chur ar siúl le slua i láthair in aois Covid. Ar an dóigh sin, d’éirigh thar cionn leis.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

an freasúra - the opposition

smachtbhannaí - sanctions

imdhíonacht tréada - herd immunity

scun scan - completely, outright

racamhrán - rock song

babhta leathcheannais - semi-final

  continue reading

231 episoder

Artwork

29 Bealtaine 2021 (An Clár)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett