3 Aibreán 2021 (An Clár)
Manage episode 289065975 series 2770343
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an triú lá de mhí Aibreáin. Is mise Niall Ó Cuileagáin.
Chuaigh an long mór, an Ever Given, i bhfostú i mbruach Chanáil Shuais an tseachtain seo caite agus d’fhan sé ann ar feadh sé lá. Tá an long ceithre chéad méadar ar fad agus bhí sí tarraingthe trasna na canálach i mbealach nach raibh aon long eile in ann dul thairsti. De bharr na timpiste, bhí suas le trí chéad long sáinnithe sa chanáil agus shocraigh le roinnt long eile an turas mór a dhéanamh thimpeall mhór-roinn na hAfraice in ionad fanachta. D’éirigh le comhlacht lóistíochta an Ever Given a bhogadh Dé Luain seo caite agus cuireadh ar an uisce arís. Meastar gur chaill an bealach farraige suas le trí mhilliún déag euro in aghaidh an lae.
D’fhoilsigh an Rialtas plean cúig bliana chun daoine a mhealladh le bheith ag cianoibriú as bailte tuaithe. Dúirt an Taoiseach, agus an plean á chur I láthair aige, go mbeidh go leor athruithe le feiceáil sna blianta atá romhainn mar gheall ar an bpaindéim agus go mbeidh ról lárnach ag na pobail faoin tuath sa téarnamh eacnamaíoch tar éis Covid-19. Tá sé beartaithe ceithre chéad mol cianoibre a bhunú i mbailte tuaithe i mbliana agus d’úsáidfí tábhairní tuaithe mar ionaid phobail agus mar mhoil do sheirbhísí áitiúla sa phlean. Dúirt grúpaí ionadaithe ó cheantair tuaithe go bhfuil sé níos riachtanaí leathanbhanda ardluais a bhunú sna ceantair seo thar aon rud eile. Tá céad caoga geallúint san iomlán sa phlean seo.
De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Oideachais Thuaisceart Éireann, tá ardú tagtha ar líon na ndaltaí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga an tí acu. Léiríonn na figiúirí go bhfuil cúig chéad tríocha a naoi bpáiste i scoileanna ó thuaidh leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, méadú de bheagnach deich faoin gcéad i gcomparáid le trí bliana ó shin. Tá timpeall seacht míle dalta ag freastal ar Ghaelscoileanna sna Sé Chontae de réir Comhairle na Gaelscolaíochta. Tar éis an Bhéarla, is iad an Pholainnis agus an Liotuáinis an dá theanga is mó a labhraítear i dTuaisceart na hÉireann. Bhí an suirbhé ag iarraidh fáil amach an mbeadh deacrachtaí ag páistí áirithe teagasc trí mhéan an Bhéarla a thuiscint.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
I bhfostú/sáinnithe - stuck, trapped
comhlacht lóistíochta - logistics company
mol cianoibre - remote working hub
leathanbhanda ardluais - high speed broadband
ardú/méadú - increase
ó thuaidh - in the north
231 episoder