3 Iúil 2021 (Dún na nGall)
Manage episode 296574365 series 2770343
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an tríú lá de mhí Iúil. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.
Tá tonn teasa ag dul ar aghaidh i dTuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada. Faoi Dhéardaoin, fuair 486 duine bás anabaí i gCeanada, mar gheall ar teas thar meán. Bhain an teocht 49.2 céim Celsius amach, teocht níos airde ná mar a bhí riamh ann, i gcúige British Colombia. I dTuaisceart na Stát Aontaithe, d’ardaigh an teocht go 46.1 céim in Portland agus 42.2 in Seattle, na léibhéil ní b'airde ó thosaigh taifeadtaí sna 1940, dar leis An tSeirbhís hAimsire Náisiúnta.
Thosaigh Wimbledon 2021 i Londain theas, den chéad uair ó bhí 2019 ann. Dé Máirt, gortaíodh Serena Williams agus í ag imirt i gcoinne Aliaksandra Sasnovich. Thosaigh Williams an cluiche le bindealán ar a leis. Shleamhnaigh sí sa chúigiú cluiche agus arís sa seachtú cluiche, agus bhí uirthi éirí as an chluiche. Sheas an slua agus thug bualadh bos di agus í ag fagáil na cúirte. Tiocfaidh an comórtas cáiliúil leadóige chun deiridh ar an aonú lá déag de mhí Iúil.
Fograíodh maoiniú ó Rialtas na hÉireann le hobair a chur chun cinn ar an Narrow Water Bridge, droichead tras-teorainn a cheanglóidh ceantar na mBeann Boirche leis an Leathinis Cuaille. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gurb é an aidhm atá i gceist ná cuartaíocht agus nascacht a neartú i gceantar na teorann thoir. Dúirt sé gur molaíodh an tionscnamh níos mó ná 20 bliain ó shin, agus gurb sheanghealltanas rí-shiombalach ón Rialtas é, mar a léiríonn na comhaontuithe Fresh Start agus New Decade New Approach in Stormont.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d’aip phodchraolta.
*
GLUAIS
tonn teasa - heatwave
bás anabaí - untimely death
thar meán - above average, excessive
bindealán - bandage
leis - thigh
maoiniú - funding
nascacht - connectivity
Beanna Boirche - the Mourne Mountains
Leathinis Chuaille - Cooley Peninsula
231 episoder