Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

5 Meitheamh 2021 (Luimneach)

4:53
 
Del
 
Manage episode 294202216 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an cúigiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.

D’fhógair an Taoiseach, Micheál Martin plean téarnaimh geilleagrach an rialtais Dé Máirt. Is fiú níos mó ná trí bhilliún go leith euro an plean agus beidh sé ag dul i ngleic le réimse leathan ceisteanna. Tá sé dírithe ar na hoibrithe agus na gnólachtaí a bhí gortaithe ag an bpandéim. Beidh laghdú caoga euro déanta ar íocaíocht dífhostaíochta na pandéime ó Mheán Fómhair. Beidh síneadh leis an Scéim Fóirdheontais Pá go dtí deireadh na bliana ach athrófar an ráta i mí Mheán Fhómhair. Cruthófar caoga míle socruchán poist. Dúirt an Taoiseach go raibh “a mhalairt de dhéine” sa phlean agus go dtiocfaidh sé i gceannas ar théarnamh dírithe ar phoist.

Shocraigh na páirtithe Iosrael atá in iomaíocht le chéile margadh oíche Dé Céadaoin, chun an príomh-aire fadtréimhseach Netanyahu, a bhaint amach as an rialtas. Bhí Netanyahu ina phríomh-aire ar feadh cúig bliana déag ach bheadh a théarma críochnaithe agus Naftali Bennett ag teacht ina áit más rud é go dtagann an comhrialtas nua seo i bhfeidhm. Sula dtagann sé i bhfeidhm beidh vóta ag reachtóirí agus mionnú an phríomh-aire nua. Is náisiúnaí creidimh é Bennett ach beidh air oibriú in éineacht le páirtithe eile sa chomhrialtas, an United Arab List, páirtí níos lú de Náisiúnaithe Arabacha san áireamh. Is é an United Arab List an chéad pháirtí ó mhionlach na tíre le dul isteach i rialtas.

D’éirigh Naomi Osaka, an dara himreoir leadóige is fearr ar domhan, as Craobhchomórtas Oscailte na Fraince an tseachtain seo. Bhuaigh sí a céad chluiche in aghaidh Patricia Maria Tig. Dúirt sí ar Twitter nach raibh sí sásta labhairt leis na meáin i ndiaidh a cluichí mar gheall ar an tionchar a raibh acu ar a meabhairshláinte. Gearradh fíneáil cúig mhíle déag dollar uirthi toisc nach raibh sí sásta labhairt leo agus bhí sé i gcoinne na rialacha. Dar leis an imreoir, d’fhulaing sí ó “bhabhtaí fada dúlagair” ó bhuail sí Serena Williams i gcluiche ceannais Chraobhchomórtas Oscailte na Stát Aontaithe sa bhliain fiche agus a hocht déag. Dúirt Uachtarán Chónaidhm Leadóige na Fraince go raibh a haistarraingt “mí-ámharach”.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

plean téarnaimh geillegrach - economic recovery plan

a mhalairt de dhéine - the opposite of austerity

mionnú an phríomh-aire nua - swearing-in of the new prime minister

náisiúnaí creidimh - religious nationalist

gearradh fíneáil uirthi - she was fined

aistarraingt - withdrawal

  continue reading

230 episoder

Artwork

5 Meitheamh 2021 (Luimneach)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett