Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

7 Lúnasa 2021 (Maigh Eo)

4:50
 
Del
 
Manage episode 299365897 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Tá na Cluichí Olimpeacha ar siúl i Tokyo fós, agus tá toradh an-maith bainte amach ag foireann na hÉireann. Tá bonn óir agus dhá bhonn cré-umha buaite acu, agus beidh Kellie Harrington ag iarraidh bonn óir a fháil i dtroid ceannais éadrom-mheáchan na mban amárach. Bhuaigh na rámhálaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ón Sciobairín an bonn óir sa chomórtas céasairlí beirte éadrom-mheáchan. Faraor, bhí ar an dornálaí Aidan Walsh éirí as an troid leath-cheannais ina roinn, mar ghortaigh sé é fhéin ag léim le háthas tar éis dó an bonn cré-umha a bhuachaint. Agus bhí sár-iarracht phearsanta mhór i dteocht de thríocha naoi céim ag Eilish Flanagan i léimrás trí mhíle méadar na mban.

Bhí éifeachtaí an athraithe aeráide le feiscint an tseachtain seo in oirthear na Meánmhara, le dóiteáin mhóra trasna na Gréige agus na Tuirce, cúpla seachtain tar éis na tine foraoise ba mhó i stair na Cipire. Tar éis na toinne teasa ba mheasa a thárla sa Ghréig le breis agus tríocha bliain, dúnadh an Acrapoil mar gheall ar an deatach agus an luaithreach de thine a tháinig go himeall na hAithne. Tá suíomh na gCluichí Oilimpeacha ársa in iarthar na Peilipinéise i mbaol chomh maith, agus bhí ar chách bogadh amach as an cheantar.

Ta an rosualt a tháinig i dtír i gCiarraí thart ar Lá Fhéile Phádraig ar ais in Éirinn. Tar éis dó turas a dhéanamh go dtí an Bhreatain Bheag, agus go La Rochelle sa Fhrainc fiú, tháinig sé i dtír i bPort Láirge an tseachtain seo. B’fhéidir go bhfuil sé ar strae go hiomlán, no b’fhéidir go bhfuil sé ag baint taitneamh as a thuras go dtí tíortha nua níos teo i bhfad ón leac oighir. Toisc gur mamach mór fiáin fíochmhar é le torscaí fada air, moltar don phobail gan chur isteach ar an rosualt in aon chur.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

dornálaí - boxer

léimrás - steeplechase

dóiteáin - fires

luaithreach - ash

rosualt - walrus

mamach - mammal

  continue reading

230 episoder

Artwork

7 Lúnasa 2021 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett