Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

9 Deireadh Fómhair 2021 (Ciarraí)

4:35
 
Del
 
Manage episode 304219308 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin.

Ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, dúirt Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes nár comhlíonadh dualgais reachtúla an chraoltóra náisiúnta le haghaidh freastal ar phobal na Gaeilge. Léirigh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ceithre bliana ó shin nach raibh ach 0.7% de chláracha á gcraoladh ag RTÉ as Gaeilge. Ach dúirt an tArdstiúrthóir gur craoladh 700 uair a chloig anuraidh, timpeall 3% den sceideal. Lena chois sin, dúirt sí go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh ar chursaí pá idir craoltoirí ar Radio na Gaeltachta agus a gcomhghleacaithe i rannóga eile de RTÉ.

Beidh comóradh á dhéanamh ar an deilf iomráiteach Fungi a raibh cáil mór air i mbaile an Daingin i gContae Chiarraí. Chaith Fungi 37 bliain ag mealladh turasóirí agus bhí baint mhór aige le forbairt thurasóireacht an Daingin. D’imigh Fungi as radharc i mí Dheireadh Fomhair 2020. Ba mhaith leis an bpobal teacht le chéile chun ceiliúradh agus ómós a thabhairt do Fungi. Ar an 17ú lá de mhí Dheireadh Fomhair beidh daoine ábalta dul ar thuras báid timpeall na bá saor in aisce agus is féidir leo síntiús a thabhairt do na Gardaí Cósta.

Beidh an t-aisteoir William Shatner ag tabhairt aghaidh ar an spás an mhí seo. Bhain Shatner clú agus cáil amach mar Chaptaen James T Kirk sa chlár teilifíse Star Trek thiar sna seascaidí, agus rinne sé seacht scannán Star Trek idir 1979 agus 1994, ach ní raibh deis aige cuairt a thabhairt ar an spás go dtí seo. Is é an duine is críonna riamh ag 90 bliain a rachaidh ar turas go dtí an spás. Beidh sé ag taisteal ar an roicéad de chuid Blue Origin, comhlacht a bhunaigh úinéir Amazon Jeff Bezos sa bhliain 2000.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

Ardstiúrthóir - Director-General

dualgais reachtúla - statutory duties

ómós - homage

síntiús - donation

iomráiteach - well-known

úinéir - owner

  continue reading

230 episoder

Artwork

9 Deireadh Fómhair 2021 (Ciarraí)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett