11 Meán Fómhair 2021 (Dún na nGall)
Manage episode 302044421 series 2770343
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.
*
Inniu an t-aonú lá déag de Mheán Fómhair. Is mise Alanna Ní Ghallachóir
Fógraíodh le linn na seachtaine go mbeidh cosc ar mhná ag imirt spóirt san Afganastán. De réir Údarás Cultúrtha na hAfganastáine, ní cheadófar do mhná spórt ar bith a imirt ar eagla go nochtfadh siad a gcorp. Dúirt Leascheannaire an Údaráis nach bhfuil spórt riachtanach do mhná agus nach gceadaíonn Ioslam nó an Éimíríocht Ioslamach do mhná spórt a imirt. Dúirt an Leascheannaire nach ligfeadh leis an Talaban comhréiteach agus nach bhfágfadh said a gcuid rialacha Ioslamacha. Níor ainmníodh bean ar bith i gcomh-aireacht nua na tíre agus tuairiscíodh go bhfuil ionsaithe ar iriseoirí ag éirí níos coitianta.
Déardaoin, d’fhógair an comhlacht idirnáisiúnta fuinnimh, Green Investment Group, go bhfuil sé mar rún acu billiún euro a chaitheamh ar fhorbairt na feirme gaoithe amach ó chosta Chonamara. Beidh ar an chomhlacht—atá ag iarraidh feirm ghaoithe san fharraige a thógáil—cead forbartha a fháil ón Bhord Pleanála, ach tá stádas ar leith don tionscnamh ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Féadann an fheirm ghaoithe fuinneamh do bheagnach 300,000 teach a ghiniúint, le idir 30 agus 35 crann gaoithe agus suas le 400 meigeavata.
Fillfidh Oíche Chultúir don bhliain 2021, Dé hAoine 17 Meán Fómhair. Beidh Ola Majekodunmi, an tráchtaire agus an t-iriseoir, ina hambasadóir ar Oíche Chultúir Bhaile Átha Cliath i mbliana. Beidh an clár iomlán le feiceáil ar an suíomh idirlíne www.culturenight.ie agus ar na meáin shóisialta. Beidh réimse imeachtaí ar siúl sa phríomhchathair, sna Gaeltachtaí, agus ar fud na tíre. Seo é an séú heagrán déag den fhéile bhliantúil, a bhíonn ag ceiliúradh cultúir, cruthaitheachta, agus na n-ealaíon. Táthar ag súil go mbeidh an líon is mó daoine is féidir a bheith páirteach trasna oileán na hÉireann.
*
Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.
*
GLUAIS
leascheannaire - deputy leader
comhréiteach - compromise
feirm ghaoithe - wind farm
crane gaoithe - wind turbine
tráchtaire - commentator
réimse imeachtaí - a range of events
231 episoder