Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

13 Márta 2021 (Gaillimh)

4:38
 
Del
 
Manage episode 287251633 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Tá an pictiúrleabhar Gaeilge MÍP ainmnithe ar ghearrliosta ‘KPMG Children’s Books Ireland Awards 2021’, na mórghradaim náisiúnta litríochta do leabhair do pháistí. Is í Máire Zepf a scríobh MÍP agus is é Paddy Donnelly a mhaisigh an leabhar. Tá MÍP foilsithe ag Futa Fata. Bhuaigh Máire an gradam anuraidh dá húrscéal d'aosaigh óga Nóinín. Is róbat cliste í MÍP agus í ag dul ar eachtra go Mars. Tá an leabhar MÍP ar cheann d’ocht leabhar a roghnaíodh ón nócha naoi leabhar ar fad a bhí san iomaíocht do ghradam na bliana seo. Beidh buaiteoirí na ngradam fógraithe ar an 25 Bealtaine i rith Fhéile Liteartha Bhaile Átha Cliath. Is as An Dún í Máire ó dhúchais agus tá aon leabhar déag do pháistí agus d’aosaigh óga scríofa aici.

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil faoi láthair. Is féile Ghaeilge idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge le Energia, atá ar an gceiliúradh is mó don teanga agus don chultúr dúchais a bhíonn ar siúl in Éirinn agus ar fud fad an domhain gach bliain. Sheol Úachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUigínn an fhéile ar líne. Dúirt sé gur “ábhar ceiliúrtha í an Ghaeilge mar chuid lárnach dár n-oidhreacht”. Bhí moladh amháin aige maidir leis an nGaeilge - “tabhair an dara seans don teanga”. Tá triúr ambasadóirí roghnaithe do Sheachtain na Gaeilge 2021 – an t-amhránaí Imelda May, an láithreoir teilifíse Bláthnaid Treacy agus an t-iománaí Declan Hannon. Ritheann Seachtain na Gaeilge idir an chéad lá de mhí Márta agus Lá Fhéile Padraig.

Dúirt Roscosmos, an ghníomhaireacht spáis Rúiseach, gur shínigh siad comhaontú leis an Údarás Spáis Náisiúnta sa tSín chun saoráid taighde a fhorbairt ar dhromchla na gealaí, nó ar diathair, nó sa dá áit le chéile. Dúirt siad go mbeadh na saoráidí ar fáil do thíortha eile. Déanfaidh Ionad Idirnáisiúnta Eolaíoch na Gealaí taighde eolaíoch ildisciplíneach ar an ngealach. Dúirt an Rúis agus an tSín go ndéanfa idh siad obair le chéile ar an bplean agus ar fhorbraíocht an ionaid. Ba é an spásaire Rúiseach Yuri Gargarin an chéad duine sa spás ariamh in 1961, seasca bliain ó shin.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

gradam - award

aosaigh óga - young adults

ábhar ceiliúrtha - something to celebrate

oidhreacht - heritage

saoráid taighde - research facility

ar diathair - in orbit

  continue reading

231 episoder

Artwork

13 Márta 2021 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Tous les épisodes

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett