Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

23 Meán Fómhair 2023 (An Clár)

5:14
 
Del
 
Manage episode 377768981 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá is fiche de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Craoladh clár teilifíse ar Channel 4 an tseachtain seo ina líomhnaíodh go leor cúiseanna i gcoinne an fhuirseora Russell Brand, éigniú, íonsaí gnéis agus mí-úsáid mhothúchánach san
áireamh. Maíodh gur tharla na heachtraí idir 2006 agus 2013 nuair a bhí Brand in ard a réime. Baineann na heachtraí le ceathrar ban, agus bhí ceann acu sé bliana déag d’aois ag an am. Séanann Brand gach líomhain agus lean sé ar aghaidh le gig ag an deireadh seachtaine, ach tá na gigeanna go léir eile dá chuid curtha ar ceal anois, agus d'fhógair YouTube nach bhfaigheadh sé airgead ó na fógraí ar a chainéal ar an ardán sruthaithe.

Tá an craoltóir le Raidió na Gaeltachta, Rónán Mac Aodha Bhuí, ar shlí na fírinne. Fuair sé bás Dé Máirt in aois a thrí bliana is caoga, tar éis tinneas fada. Rugadh i gCorcaigh é ach bhog sé go Gaoth Dobhair i nDún na nGall lena theaghlach nuair a bhí sé an óg. Tógadh le Gaeilgeé agus bhí an-dúil aige sa teanga. Tar éis na méanscoile, thosaigh Rónán cúrsa iriseoireachta i mBaile Átha Cliath agus tamall beag ina dhiaidh sin bhí sé ag obair le roinnt stáisiúin raidió neamhdhleathach sa chathair. Thosaigh sé ag obair do Raidió na Gaeltachta in 1993 agus ó 1997 thug sé faoin gclár a raibh an-tóir air, Rónán Beo. Chomh maith lena chlár raidió, dhein Rónán cláir theilifíse do RTÉ agus do TG4 agus bhí sé gníomhach i gcúrsaí polaitíochta, go háirithe maidir le cearta teanga ó thuaidh. Fágann sé a bhean chéile Bernie agus a n-iníon
Fionnuala ina dhiaidh.

Tá leabhar nua foilsithe ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta do pháistí sa Ghaeltacht agus do pháistí ón Úcráin atá ag freastal ar scoil sa Ghaeltacht chomh maith. Is é Spraoi nó заба́ва (zabáva) an teideal atá ar an leabhar. Tá liostaí focal agus frásaí Gaeilge aistrithe go hÚcráinis sa leabhar agus tá sé mar sprioc ag an eagraíocht páistí ón Úcráin a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim trí chleachtaí spraíúla. Dhein Nadia Dobrianska na haistriúcháin sa leabhar – is as an Úcráin í ach tá Gaeilge líofa aici chomh maith. Tháinig Nadia go hÉirinn mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus bíonn sí le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

fuirseoir - comedian

éigniú - rape

líomhain - allegation

raidió neamhdhleathach - pirate radio

eagraíocht - organisation

aistriúchán - translation

  continue reading

232 episoder

Artwork

23 Meán Fómhair 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett