Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

29 Iúil 2023 (Baile Átha Cliath)

4:11
 
Del
 
Manage episode 372566176 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an naoú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Liam Ó Brádaigh.

Eagraíodh bigilí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe chun comóradh a dhéanamh ar an amhránaí, Sinead O'Connor, a fuair bás Dé Céadaoin. Bhí sí sé bliana is caoga d'aois. D’eisigh an taibheoir agus gníomhaí as Baile Átha Cliath deich n-albam stiúideo, agus ainmníodh a hamhrán Nothing Compares 2 U ar an gcéad singil domhanda in 1990 ag na Billboard Music Awards. Bhí a leagan den bhailéad, a scríobh an ceoltóir Prince, ar bharr na gcairteacha timpeall an domhain agus ghnóthaigh sí trí ainmniúchán Grammy. Labhair sí amach i gcoinne mí-úsáid ghnéis san Eaglais Chaitliceach. Agus í ag tabhairt ómóis do O'Connor, dúirt an t-amhránaí Róisín Murphy, "Leanfaidh oidhreacht Shinéad de gach rud atá álainn agus cráite faoin bhfírinne ag taispeáint an tsolais dúinn."

Thángthas ar longbhriseadh ársa Rómhánach a chreidtear a bheith níos mó ná 2,000 bliain d'aois amach ó chósta na hIodáile. Tháinig scuad póilíní Carabinieri na hIodáile (atá freagrach as oidhreacht chultúrtha na hIodáile a chosaint) ar an long lastais ar ghrinneall na farraige ag doimhneacht de thart ar 160 méadar. Bhí na céadta amphorae (cineál próca Rómhánaigh a úsáideadh chun earraí amhail fíon agus ola olóige a iompar) ar an long, a meastar a bheith níos mó ná 20 méadar ar fad.

Tá an Ghréig ag dul i ngleic leis an scrios a tharla de bharr líon mór tinte fiáine a leathnaigh trí thithe agus foraoisí a bhí triomaithe mar gheall ar na teochtaí airde an samhradh seo. Tuairiscítear go bhfuil na húdaráis ag fáil lámh in uachtar ar chuid de na tinte is measa. Ba é Dé hAoine an chéad lá nach raibh an Ghréig i “staid chriticiúil airdill”, a dúirt an tAire Géarchéime Aeráide agus Cosanta Sibhialta Vassilis Kikilias. Dúirt Kikilias freisin go mba chóir polasaithe a choigeartú ag gach leibhéal chun ullmhú don ghéarchéim aeráide.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

taibheoir - performer

mí-úsáid ghnéis - sexual abuse

longbhriseadh - shipwreck

long lastais - freight ship

tinte fiáine - wildfires

géarchéim aeráide - climate emergency

  continue reading

232 episoder

Artwork

29 Iúil 2023 (Baile Átha Cliath)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett