Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

8 Bealtaine 2021 (Gaillimh)

4:46
 
Del
 
Manage episode 291977503 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Ella Hassett.

Tá an tOllamh Regina Uí Chollatáin ceaptha ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge. Faoi láthair, tá sí ag obair mar Chathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, is iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í. Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í ó dhúchas agus tá suim aici in athbheochan na Gaeilge agus iriseoireacht na Gaeilge. Bunaíodh Foras na Gaeilge in 1999 mar an comhlacht atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud fad na hÉireann. Dúirt an tAire Gaeltachta Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers go raibh “áthas” orthu anois faoin gceapachán.

Lasadh tine dheasghnách ar Chnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí aréir in ainneoin srianta Covid-19. Tháinig grúpa beag le chéile ar an gcnoc chun Tine na Bealtaine a lasadh agus an samhradh a cheiliúradh tar éis an gheimhridh fhada. Is seantraidisiún í an tine. Fadó, lasadh Árdrí na hÉireann an tine agus bhíodh ceiliúradh mór ina dhiaidh chun an séasúr nua a thabhairt isteach. I mbliana, ní raibh cead ag an ngnáthphobal freastal ar an imeacht, ach craoladh an ócáid beo ar líne do lucht féachana idirnáisiúnta agus roghnaíodh an téama 'aontacht' don cheiliúradh.

Ta an tSeapáin tar éis stát eigeandála a shíneadh i dTóiceo agus trí cheantar eile chun stop a chur ar ardú na gcásanna Covid-19 roimh na cluichí Oilimpeacha. Dúirt an Príomh-Aire Suga go mbeidh na srianta ann go dtí deireadh na míosa i dTóiceo, Osaka, Hyogo agus Kyoto. I láthair na huaire, is é Osaka eipealár na pandéime sa tír. Dúirt an tAire Geilleagair go bhfuil cúrsaí baolach sa chathair mar níl leapacha ospidéil le fáil do hothair le comharthaí tromchúiseacha. Tosóidh na cluichí Oilimpeacha ar an tríú lá is fiche de mhí Iúil i dTóiceo. Níl sé socraithe go fóill an mbeidh cead ag lucht leanúna spóirt ón tSeapáin freastal ar imeachtaí, ach ní cheadófar cuairteoirí idirnáisiúnta.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

ceaptha/ceapachán - appointed/appointment

béaloideas - folklore

tine dheasghnách - ceremonial fire

aontacht - unity

eipealár - epicentre

comharthaí tromchúiseacha - serious symptoms

  continue reading

231 episoder

Artwork

8 Bealtaine 2021 (Gaillimh)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett