Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

1 Iúil 2023 (An Clár)

6:15
 
Del
 
Manage episode 367590703 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an chéad lá de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Cuileagáin.

Nochtadh an tseachtain seo caite gur íoc RTÉ €354,000 sa bhreis le Ryan Tubridy ó 2017 go 2022, méid nach raibh fógartha acu go poiblí. Dúirt Tubridy féin nach raibh sé ar an eolas faoi na híocaíochtaí. D’éirigh ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, as a post de bharr na conspóide agus, de réir RTÉ, ba ise an t-aon duine a bhí ar an eolas faoi na híocaíochtaí. Ach, le linn na seachtaine, d’admhaigh an Taoiseach Leo Varadkar nár chreid sé an méid atá á mhaíomh ag RTÉ. Tháinig tuairim is 200 fostaí de chuid RTÉ le chéile Dé Máirt chun agóid a dhéanamh agus a gcuid feirge a léiriú mar gheall ar na híocaíochtaí ceilte. Bhí baill de Bhord RTÉ agus de Bhord Feidhmiúcháin RTÉ os comhair lucht ceistiúcháin sa Dáil agus Seanad chun ceisteanna a fhreagairt. Tar éis di an cuntas a chloisint dúirt an tAire Catherine Martin go raibhsé soiléir go raibh teip thubaisteach rialachais ag ard-leibhéail bhainistíochta san eagraíocht.

Dhein fórsaí gallóglach Wagner ceannairc Dé Sathairn i gcoinne stát na Rúise. Níor mhair an cheannairc ach lá amháin sular stopadar a dturas go Moscó. Le linn an lae, ghlac na fórsaí seilbh ar an mbunáit a bhí ag Arm na Rúise i Rostov-ar-an-Don agus chonacthas iad 200km ó Mhoscó nuair a stopadh an cheannairc. Ba é an dúshlán is mó i gcoinne Putin le linn a cheannaireachta. Tá Yevgeny Prigozhin – ceannasaí fhórsaí Wagner – ar deoraíocht san Bhealarúis anois. Mhaígh sé nach raibh coup d’état i gceist ach agóid chun a mhíshásamh le
ceannairí an airm a léiriú. Bhí an Grúpa Wagner ag troid ar son na Rúise san Úcráin agus bhí buanna móra acu, go háirithe i mBakhmut, ach tá siad freagach as coireanna cogaidh chomh maith, de réir roinnt tuairiscí.

Phléasc círéibeacha ar fud na Fraince oíche an tseachtaine seo tar éis marú ógánaigh darb ainm Nahel M. i gcathair Nanterre, gar do Pháras. Scaoileadh an fear óg nuair a stop na póilíní é. Dúirt na póilíní ar dtús gur scaoileadar é toisc go raibh sé ag tiomáint ina gcoinne, ach tháinig sé chun solais nach raibh an cuntas sin fíor ó fhíseán den eachtra a uaslódáladh ar na meáin shóisialta. Tá an póilín a scaoil an fear óg á fhiosrú anois. Tuairiscíodh clampar i gcathracha áirithe sa Fhrainc le linn na seachtaine. Cuireadh carranna agus foirgnimh trí thine agus chaith agóideoirí tinte ealaíne in aghaidh na bpóilíní. Bhí an fear óg de bhunús Afraic Thuaidh, rud a chuireann leis an éagóir a mhothaíonn na hagóideoirí. Gabhadh na céadta duine agus cháin Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, an foréigean.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

íocaíochtaí ceilte - secret payments

teip thubaisteach rialachais - a disastrous failure of governance

fórsaí gallóglach - mercenary forces

ceannairc - mutiny

círéibeacha - riots

tinte ealaíne - fireworks

  continue reading

232 episoder

Artwork

1 Iúil 2023 (An Clár)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Kaikki jaksot

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett