Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

8 Iúil 2023 (Ard Mhacha)

4:42
 
Del
 
Manage episode 371481991 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-ochtú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.

Bhí meadú ar an fhoréigean i ndiaidh ionradh Arm Iosrael ar bhaile Jenin ar an Bhruach Thiar. Dúirt an Taoiseach sa Dáil go raibh an-imní ar an rialtas faoin ionradh seo. Tá dháréag Palaistíneach maraithe ag na hIosraelaigh in Jenin go dtí seo agus i bhfad níos mó gortaithe. Tá imní ann go mbeidh éirí amach go forleathan ag na Palaistínigh agus níos mó básanna. In Iosrael sa chathair Tel Aviv thiomáin fear Palaistíneach díreach isteach i slua daoine ar an tsráid. Dúirt arm Iosrael go bhfuil an oibríocht in Jenin thart anois agus gur maraíodh saighdiúir amháin.

Dúirt an láithreoir Ryan Tubridy agus a ghníomhaire Noel Kelly go bhfuil sé sásta cuidiú a thabhairt do choiste an Oireachtais ar na Meáin Chumarsáide an tseachtain seo chugainn. Sheol siad litir chuig an choiste ach níl sé soiléir conas a thabharfaidh siad fianaise. Beidh bainistíocht RTÉ ar ais os comhair an Oireachtais an tseachtain seo chugainn i ndiaidh dó teacht chun solais go raibh níos mó “cuntais rúnda” in úsáid acu. Dúirt cathaoirleach an Choiste Niamh Smyth TD go bhfuil “an-díomá” uirthi go raibh an t-eolas a tugadh an tseachtain seo caite ag RTÉ “míchruinn”.

Tá seirbhís sláinte náisiúnta na Breataine (an NHS) ag ceiliúradh seachtó cúig bliana ar an fhód an tseachtain seo. Tá meas forleathan ag muintir na Breataine ar an eagraíocht ach ní ceiliúradh iomlán sona a bheidh ann. Tá fadhbanna móra le liostaí feithimh, folúntais foirne, gníomhaíocht thionsclaíoch agus sásamh an phobail ag titim. I rith stair an NHS d’oibrigh na mílte Éireannach in ospidéil ar fud na tíre agus sin an scéal go fóill inniu. Táthar á mhaíomh go bhfuil gá le hathrú agus infheistíocht chun é a dhéanamh oiriúnach don todhchaí.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

foréigean - violence

ionradh - incursion

gníomhaire - agent

fianaise - evidence

liostaí feithimh - waiting lists

folúntais foirne - staff vacancies

gníomhaíocht thionsclaíoch - industrial action

  continue reading

232 episoder

Artwork

8 Iúil 2023 (Ard Mhacha)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett