Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

10 Aibreán 2021 (Tiobraid Árann)

5:44
 
Del
 
Manage episode 289624126 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an deichiú lá de mhí Aibreáin. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.

Foilsíodh ‘treochlár’ an Chumainn Lúthchleas Gael Déardaoin a bhaineann le gníomhaíocht na heagraíochta i mbliana faoi shrianta Covid-19. Léiríonn an treochlár plean le haghaidh filleadh na gcomórtas idirchontae, ag tosú ar an ochtú lá de mhí na Bealtaine leis an chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána. Cuirfear tús leis an tSraith Náisiúnta Peile an tseachtain ina dhiaidh ar an gcúigiú lá déag de mhí na Bealtaine. Imreofar cluiche ceannais iomána na hÉireann ar deireadh seachtaine an aonú lá is fiche de mhí Lúnasa agus imreofar an cluiche ceannais peile seachtain ina dhiaidh sin. Ní bheidh Nua-Eabhrac, Londain ná aon fhoireann ón mBreatain páirteach i gcomórtais idirchontae i mbliana. Tosóidh traenáil do na foirne sinsearacha ar an naoú lá déag de mhí Aibreáin. Níl dáta comórtais nó traenála socraithe do na himreoirí mionúir nó faoi fhiche fós. Baineann eisceachtaí na srianta leis an leibhéal sinsearach amháin. Tosóidh gníomhaíochtaí na gclubanna chomh luath agus a dhíbreofar foireann an chontae ón gcraobh, le comórtas cúige na gclubanna ag tosú i mí na Samhna. Tá clár na gcluichí iomláin foilsithe ar shuíomh an Chumainn Lúthchleas Gael. Níl aon nuacht fós faoi fhilleadh na gcomórtas faoi aois.

Tá agóid agus círéibeacha tar éis tarlú beagnach gach oíche ó dheireadh mhí an Mhárta i dTuaisceart Éireann. Deir na póilíní gurb é an foréigean is measa atá feicthe i dTuaisceart Eireann leis na blianta. Thosaigh na círéibeacha oíche Dé Luain an naoú lá is fiche de mhí an Mhárta le grúpa Dílseoirí i nDoire. Ó shin chonacthas agóid i réimse bailte eile: Béal Feirste, Carraig Fheargais, An Baile Meánach agus Baile na Mainistreach ina measc. Den chuid is mó bhain na círéibeacha le hógánaigh dhílseacha, daoine chomh óg le dhá bhliain déag d’aois ina measc, ag caitheamh buamaí peitreal, brící agus rudaí eile ar phóilíní agus ar fheithiclí. Ach Dé Céadaoin an seachtú lá de mhí Aibreáin thosaigh troid ag balla síochána i mBéal Feiriste idir grúpaí dílseacha agus náisiúnacha. Lean an chorraíl ar an dá thaobh den bhalla Déardaoin, nuair a d’úsáid na póilíní canóin uisce ar na sluaite den chéad uair i sé mbliana. D’ionsaigh an dá thaobh na póilíní arís agus dúirt an SPTÉ gur gortaíodh naoi n-oifigeach déag, rud a d'ardaigh an líon daoine gortaithe i rith an fhoréigin go seachtó a ceathair. Tá rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine, Tionól Stormont, an Coimisiún Eorpach agus An Teach Bán ag teacht le chéile ag iarraidh deireadh a chur leis an bhforéigean.

D’fhógair Pálás Buckingham bás Phrionsa Philip, Diúc Dhún Éideann na Breataine Dé hAoine. Bhásaigh sé ag naoi mbliana is nócha d’aois i gCaisleán Windsor tar éis filleadh ó mhí caite san ospidéal i mí an Mhárta, áit a bhfuair sé cóireáil le haghaidh ionfabhtaithe agus obráid croí. Bhí an Prionsa pósta le Banríon na Sasana Eilís II ar feadh trí bliana is seachtó agus ghlac sé le dualgas ríoga léi go dtí gur éirigh sé as sa bhliain dhá mhíle is a seacht déag. Tagann bás an phrionsa i rith tréimhse ina bhfuil cáil an teaghlach ríoga ag streachailt idir an chonspóid a bhaineann le Megan agus Harry, scannáil Phrionsa Andrew, agus tionchar uafásach na pandéíme Covid-19 ar phobal na Breataine. Léiríonn oibríocht ‘Forth Bridge’ na pleananna a bhí socraithe do bhás an Diúic, tréimhse dobróin poiblí san áireamh. Faoi shrianta Covid-19 agus in iarracht báiliúchán sluaite a sheachaint ní bheidh sochraid stáit ag Prionsa Philip agus craolfar a shochraid ar an teilifís ach cheana féin tá daoine ag báiliú taobh amuigh de Phálás Buckingham agus Caisleán Windsor le bláthanna agus ómós a fhágáil.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

treochlár - roadmap

círéib - riot

dílseoir - loyalist

oibríocht - operation

  continue reading

231 episoder

Artwork

10 Aibreán 2021 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett