Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)

4:53
 
Del
 
Manage episode 383198949 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an t-aonú lá déag de mhí na Samhna. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.
Tá an choimhlint sa Mheánoirthear ar siúl le níos mó ná mí anois. Thosaigh an cogadh ar an seachtú lá de mhí Dheireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ag féile cheoil in Iosrael, inar thóg siad timpeall 200 giall. Chuir Iosrael tús le buamáil in Gaza mar fhreagra. Maraíodh thart ar 1400 Iosraelach agus níos mó ná 10,000 saoránach Palaistíneach ó tosaíodh na hionsaithe an mhí seo caite, 4,000 páistí san áireamh. Deir na Naisiúin Aontaithe go bhfuair timpeall 5,400 daoine bás san iomlán i ngach coimhlint eile a bhí idir Iosrael agus Hamas ó bhí 2007 ann. Deirtear gurb é seo an feachtas buamála is faide ar cheantar a bhfuil daoine ina gcónaí ann sa stair. Deir údaráis Iosrael nach gcuirfidh siad stop leis an bhfeachtas go dtí go ligfear saor na gialla atá ag Hamas. Tá taispeántais dlúthpháirtíochta don Phalaistín ag leanúint ar aghaidh in a lán tíortha, agus agóideoirí ag lorg sos cogaidh.
Rinneadh digitiú ar 60,000 mír ó chartlann Chonradh na Gaeilge, atá ar fáil ar líne anois. Tá an tionscnamh, a thosaigh bliain go leith ó shin, ar siúl ag Ollscoil na Gaillimhe, i gcomhoibriú le Conradh na Gaeilge. Ní ach thart ar 10% den bhailiúcháin atá i gceist leis an 60,000 mír, as níos mó ná 600,000 míreanna san iomlán. Leanann an obair chun an chartlann a dhigitiú ina hiomláine. Baineann na míreanna le gníomhaíocht agus feachtasaíocht na heagraíochta ó bunaíodh í in 1893 anuas go casadh na mílaoise. Lena chois sin tá roinnt mhór foinsí sa chartlann a bhaineann leis an bpróiseas síochána i dTuaisceart Éireann le linn an chéid roimhe. Deir Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil siad bródúil go bhfuil an bailiúcháin acu, rud a chuireann leis an mbailiúcháin digiteach ollmhór d'fhoinsí stairiúla Gaeilge, cultúir, béaloidis srl. a bhí acu roimhe.
Chonacthas na Gealáin Thuaidh, nó Aurora Borealis, sa spéir os cionn Éireann ag tús na seachtaine. Eachtra annamh é iad a fheiceáil in Éirinn, rud a chur sceitimíní ar réalteolaithe idir ghairmiúil agus amaitéarach. De ghnáth ní bheadh na Gealáin le feiceáil ó theas Dhún na nGall ach chonacthas iad i gCorcaigh an tseachtain seo. Den chuid is mó bhí siad infheicthe leis an tsúil ach d'éirigh le daoine grianghraif áille a thógáil, agus iad ag úsáid nochtadh fada chun solas atá infheicthe don tsúil a ghabháil. Don tsúil, ní ach solas doiléire ar fhíor na spéire a bhí le feiceáil. Tá roinnt mhór grianghníomhaíochta, an feiniméan a chruthaíonn na Gealáin, ar siúl faoi láthair. Tá súil ag saineolaithe go mbeidh roinnt deiseanna eile againn iad a fheiceaíl ó Éirinn arís le linn na bliana atá romhainn.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

giall - hostage

sos cogaidh - ceasefire

feachtasaíocht - campaigning

casadh na mílaoise - turn of the millennium

infheicthe leis an tsúil - visible to the eye

grianghníomhaíocht - solar activity

  continue reading

232 episoder

Artwork

11 Samhain 2023 (Tiobraid Árann)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett