Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

4 Samhain 2023 (An Dún)

5:24
 
Del
 
Manage episode 382107617 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an ceathrú lá de mhí na Samhna.

Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Tugann reachtaíocht nua a tháinig i bhfeidhm Dé Máirt cosaint dhlíthiúil don síneadh fada in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí i bPoblacht na hÉireann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021, beidh an síneadh fada faoi chosaint dhlíthiúil anois in ainmneacha daoine agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí ar nós Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte, comhairlí contae, ollscoileanna agus scoileanna. Beidh teidil roimh ainm duine roghnach fosta agus iad ag déileáil le comhlachtaí poiblí, agus ceadófar “ainmneacha áitiúla” nó leasainmneacha a “idirdhealaíonn iad agus daoine aonair eile a bhfuil an t-ainm céanna orthu sa cheantar”. Tagann an fógra mar leasú ar an reachtaíocht atá thar téarma ach tá fáilte mhór roimhe. “Ba í seo an tsaincheist ar a bhfuair m’oifig an líon ba mhó gearán ina stair,” a dúirt Órla de Búrca ón rannóg gearán.

Bhí Iúr Cinn Trá i gContae an Dúin tumtha in uisce tuilte nuair a phléasc canáil na cathrach a bruacha i measc báisteach throm thar oíche Dé Luain. Bhí na mílte gnóthas gafa sna tuilte, agus rinneadh damáiste forleathan d’fhoirgnimh, d’fheistis agus do stoc. Thug póilíní rabhadh do dhaoine fanacht amach as lár na cathrach agus tá na mílte málaí gainimh cruachta ar an chanáil chun iarracht a dhéanamh stop a chur le sruth i measc eagla roimh sháruithe breise. Thit píosa de bhallaí na canála isteach san uisce agus tá imní ar na húdaráis go bhféadfadh níos mó codanna éirí as sna laethanta amach romhainn. Bhuail an bháisteach ceantair eile in oirthuaisceart oileán na hÉireann go dona fosta thar oíche, agus tithe faoi uisce i gCamloch i gContae Ard Mhacha agus sa Chaisleán Nua i gContae an Dúin. Chuir tuilte isteach ar an phríomh-mhótarbhealach agus ar an líne traenach a nascann Béal Feirste agus Baile Átha Cliath Dé Máirt, rud a chuir isteach go mór ar thaistealaithe trasteorann.

D’iarr peileadóir Learphoill Luis Diaz go scaoilfí saor a athair, ag tathant ar na fuadaitheóirí “é a shaoradh anois”. Bhí tuismitheoirí na réalta ag stáisiún peitril i mbaile Barrancas, in aice le teorainn na Colóime le Veiniséala, Dé Sathairn nuair a d’fhuadaigh fir armtha iad ar ghluaisrothair. Tarrtháladh máthair s'aige laistigh d'uaireanta an chloig i ndiaidh blocanna bóthair a bhunú - ach leanann an cuardach ar a athair Luis Manuel Diaz. D'eisigh an peileadóir an achainí trí phostáil Instagram oíche Dé Máirt - agus a mháthair agus baill eile den teaghlach ag glacadh páirt i bhfaireachán ag iarraidh go scaoilfí saor a ngaol. Tá patróil aer agus talún na bpóilíní ag cuardach foraoise i dtuaisceart na Colóime i measc eagla atá ag méadú go bhféadfadh athair Diaz a bheith smuigleáilte trasna na teorann isteach i Veiniséala.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

reachtaíocht - legislation

thar téarma - overdue

málaí gainimh - sandbags

oirthuaisceart - the north-east

fuadaitheóirí - kidnappers

achainí - appeal

  continue reading

232 episoder

Artwork

4 Samhain 2023 (An Dún)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Minden epizód

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett