Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)

4:40
 
Del
 
Manage episode 364483967 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an seachtú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Oisín Mac Conamhna.

Thosaigh céim na ngrúpaí i gcraobh peile na hÉireann an deireadh seachtaine seo caite. D’éirigh go han-mhaith leis na foirne Connachtacha. Bhí Maigh Eo i bhfad róláidir do Chiarraí i gCill Áirne, nuair a chuir siad deireadh leis an tsraith cluichí gan chailleadh sa bhaile is faide i stair Chumann Lúthchleas Gael. Níor buaileadh Ciarraí sa chraobh i gCill Áirne le naoi gcluiche is tríocha, ó bhí 1995 ann, go dtí gur chuir Maigh Eo faoi smacht iad an Satharn seo caite. Bhí an lámh in uachtar ag Gaillimh thar Thír Eoghain freisin, agus chríochnaigh Sligeach ar comhscór le Cill Dara. Tá neart cluichí le himirt an deireadh seachtaine seo, agus beidh Ros Comáin ag súil le caighdeán ard neamhbhuailte na bhfoirne Connachtacha a choimeád ar siúl, agus iad ag imirt i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

I Stáit Aontaithe Mheiriceá, chaith Ron DeSantis, gobharnóir Florida, a hata san áireamh i dtoghchán tosaigh an Pháirtí Phobhlachtánaigh chun iarrthóir uachtaránach a roghnú. Bhí sé ag iarraidh an fógra a dhéanamh beo ar Twitter, le chéile le Elon Musk, acht do rinne fadhbanna móra teicniúla praiseach de. D’éirigh príomhinnealtór Twitter as a phost an lá dá gcionn. Tá leathnú cearta gunna, maoiniú a bhaint de scéimeanna éagsúlachta agus cosc ar leabhair áirithe luaite ag DeSantis mar pholasaithe dá chlár rialtais, rud a rinne laoch de i measc na gcoimeádach agus bithiúnach i measc forásaithe.

I Londain an deireadh seachtaine seo, tá an Ghaeltacht Cois Tamaise ar siúl arís. Is é an t-imeacht is mó le Conradh na Gaeilge i Londain i rith na bliana, agus thart ar caoga Gaeilgóirí ag freastal air. Thosaigh an deireadh seachtaine le PopUp Gaeltacht aréir, agus tá dianchúrsaí Gaeilge ar siúl ar trí leibhéil ar an Satharn agus ar an Domhnach. Imeachtaí eile ar siúl ná ceardlann amhránaíocht ar an tsean-nós, agus siúlóid Ghaelach in Westminster.

*

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

céim na ngrúpaí - the group stage

an lámh in uachtar - the upper hand

toghchán tosaigh - primary election

scéimeanna éagsúlachta - diversity schemes

dianchúrsaí Gaeilge - intensive courses in Irish

amhránaíocht ar an tsean-nós - sean-nós singing

  continue reading

232 episoder

Artwork

27 Bealtaine 2023 (Maigh Eo)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
All episodes

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett