Artwork

Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.
Player FM - Podcast-app
Gå frakoblet med Player FM -appen!

3 Meitheamh 2023 (Dún na nGall)

5:11
 
Del
 
Manage episode 365094223 series 2770343
Innhold levert av Conradh na Gaeilge i Londain. Alt podcastinnhold, inkludert episoder, grafikk og podcastbeskrivelser, lastes opp og leveres direkte av Conradh na Gaeilge i Londain eller deres podcastplattformpartner. Hvis du tror at noen bruker det opphavsrettsbeskyttede verket ditt uten din tillatelse, kan du følge prosessen skissert her https://no.player.fm/legal.

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.

*

Inniu an tríú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.

Tá Éire chun a spriocanna aeráide 2030 a chailleadh mura ndéanann gach earnáil, lena n-áirítear talmhaíocht, leictreachas agus iompar, tuilleadh laghduithe astuithe a chur i gcrích go gasta agus a choinneáil amach anseo, de réir na tuarascála is déanaí ón Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Léiríonn a réamh-mheastacháin is déanaí, má chuirtear gach beartas aeráide atá beartaithe faoi láthair i bhfeidhm go hiomlán, nach mbainfidh Éire ach laghdú 29% ar astuithe gáis cheaptha teasa faoi 2030, i bhfad níos lú ná an sprioc laghdaithe 51% atá ceangailteach ó thaobh dlí. Tá Éire le dul thar an dá bhuiséad carbóin don tréimhse 2021 go 2030 idir 24% agus 34% fosta.

Tá fear 48 bliain d’aois gafa ag póilíní atá ag fiosrú físeán de thiománaí tacsaí ó Bhéal Feirste a bhí ag bagairt ar phaisinéir ina ghluaisteán agus gunna nó gunna macasamhlach aige. Dúirt an PSNI go raibh sé faoi choinneáil mar gheall ar roinnt cionta. Áirítear leis na cionta seilbh arm tine nó arm tine bréige. Thaispeáin an físeán 45 soicind tiománaí ag bagairt arm tine agus ag bualadh an phaisinéara ina aghaidh, sular lean sé ag bagairt air. Tá paisinéir eile ina shuí ar chúl na feithicle. Is cosúil gur tháinig an scannán ó dashcam san fheithicil.

Tá sé ráite ag Phillip Schofield go bhfuil “gach rud caillte aige” agus nach bhfeiceann sé todhchaí dá ghairm bheatha, in agallamh mothúchánach macánta le BBC News. Dúirt Schofield go bhfuil “a ghairm bheatha thart” i ndiaidh caidreamh a bhí aige le comhghleacaí óg. Dúirt sé nach “buachaillí” iad an bheirt agus nach raibh ach cúig nó sé theagmhálacha rómánsúla acu le linn cúpla mí. Dúirt Schofield, áfach, gur “earráid thromchúiseach a bhí sa scéal”. Ardaíodh ceisteanna faoin dóigh ar láimhseáil ITV an cás fosta, maidir le cé mhéad eolas a bhí ag ceannairí an chainéil faoin scéal, agus an ndeachaigh imscrúdú an chainéil féin fada go leor. *

Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.

*

GLUAIS

laghduithe astuithe - reductions in emissions

an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil - the Environmental Protection Agency

gunna macasamhlach - replica gun

arm tine - firearm

earráid thromchúiseach - a grave mistake

imscrúdú - investigation

  continue reading

232 episoder

Artwork

3 Meitheamh 2023 (Dún na nGall)

Nuacht Mhall

42 subscribers

published

iconDel
 
Alle episoder

×
 
Loading …

Velkommen til Player FM!

Player FM scanner netter for høykvalitets podcaster som du kan nyte nå. Det er den beste podcastappen og fungerer på Android, iPhone og internett. Registrer deg for å synkronisere abonnement på flere enheter.

Hurtigreferanseguide

Copyright 2024 | Sitemap | Personvern | Vilkår for bruk | | opphavsrett